[https://www.independent.ie/seachtain/taimid-reidh-bunscoil-ghaelach-le-hoscailt-i-gceantar-protastunach/a1991419634.html](https://www.independent.ie/seachtain/taimid-reidh-bunscoil-ghaelach-le-hoscailt-i-gceantar-protastunach/a1991419634.html)

Ainneoin agóidí, bagairtí agus cur ó dhoras, tógfaidh an Gaeloideachas in oirthear Bhéal Feirste céim mhór chun tosaigh an fómhar seo nuair a osclófar Bunscoil na Seolta, an chéad Ghaelscoil imeasctha riamh ó thuaidh.

Ní rud tobann í an Ghaelscoil i gceantar Protastúnach ach toradh cuid mhór oibre ar feadh na mblianta ag grúpa díograiseoirí agus cairde na Gaeilge sa cheantar aontachtach cois Lagáin. Ina measc seo, tá Aodán Mac Séafraidh a bheidh ina chathaoirleach ar an bhun-scoil úr ach i dtosach, thug sé a luach do Linda Ervine “a chuir tús le hathbheochan na Gaeilge sa chuid seo de Bhéal Feirste.

“Bhunaigh Linda Turas agus na ranganna Gaeilge anseo,” arsa Aodán.

“Cinnte, bhí go leor daoine a bhí ar scor ag freastal ar na ranganna ach bhí tuismitheoirí óga orthu fosta agus ba léir go raibh ráchairt ann ar an Ghaeloideachas.

“Cuid de na foghlaimeoirí óga, shíl siad go raibh siad ag cailleadh amach cionn is go raibh an Gaeloideachas ar fáil i ngach cearn den chathair seachas san oirthear.

“Bhí leasc orthu dul chuig ceantracha áirithe mar gheall ar stair na dTrioblóidí agus cionn is gur ó chúlra Protastúnach, mar sin de, bhunaigh Linda agus coiste an-díograiseach Naíscoil na Seolta, scoil atá ag dul ó neart go neart – cé gurbh éigean bogadh ó shuíomh go suíomh,” arsa Aodán.

Learn morePauseUnmute

Chuaigh sé seo i bhfeidhm ar Rialtas na hÉireann a mhol don choiste cur isteach ar Chiste an Oileáin Chomhroinnte agus uaithi sin, fuair siad maoiniú £60,000 le staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le suíomh buan do scoil úr.

“Aithníodh áiteanna a bhí galánta ach bhí siad i lár eastáit tithíochta agus bheadh imní ar chuid de na tuismitheoirí dá mbeadh a scoil Ghaeilge lonnaithe ansin,” arsa Aodán – nó Jaff mar is fearr aithne air.

“Ach tá muid iontach buíoch de Rialtas Bhaile Átha Cliath a dúirt riamh anall go raibh siad sásta cuidiú linn agus go mbeadh maoiniú suas go dtí €1 mhilliún ar fáil do chóiríocht agus do chíos na scoile úire. Agus tá maoinitheoirí eile againn chomh maith.”

Anois, tá suíomh aimsithe acu – ach tá leasc ar Aodán a rá cá háit go dtí go bhfuil gach rud deimhnithe.

Chuige sin, labhraíodh le grúpaí paraimíleata sa cheantar a dúirt nach mbeadh fadhb ar bith acu an scoil a bheith sa cheantar.

“Tá na páistí againn, tá an t-airgead againn agus tá an suíomh againn, níl i gceist anois ach dul fríd an próiseas,” arsa Aodán. Faoi láthair, tá coiste na scoile ag cuardach múinteora agus cúntóir ranga agus iad ag dúil le idir seachtar agus dáréag páistí sa chéad bhliain ach ábhar dóchais atá sa naíonra lán-Ghaeilge ar a bhfuil 20 naíonán ag freastal i mbliana.

“Ní bheidh aitheantas ceart againn go cionn trí nó ceithre bliana go dtí go gcuireann muid le líon na bpáistí agus muinín na dtuismitheoirí a thógáil le go mbeadh siad sásta a gcuid páistí a chur chuig Bunscoil na Seolta.

“Is snámh in aghaidh easa anois é mar, thig leat labhairt le tuismitheoirí faoi bhuntáistí an dátheangachais, ach mura bhfuil scoil ann, mura bhfuil múinteoir ann, mura bhfuil a fhios acu cá háit a mbeidh foirgneamh na scoile, beidh siad go mór in amhras,” arsa Mac Séafraidh.

Ach mar a deir sé, ní raibh ach naonúr daltaí ag Bunscoil Phobal Feirste nuair a thosaigh sé in 1971 agus spreag sé an borradh atá faoin Ghaeloideachas ó thuaidh ó shin i leith.

“Is cineál léim sa dorchadas atá ann ach sin scéal na Gaeilge ó thuaidh – daoine ag dul sa tseans le rud éigin fiúntach a bhaint amach agus tá muid tiomanta go mbeidh sé amhlaidh i gcás na scoile úire seo againn nuair a osclóidh muid na doirse i mí Mheán Fómhair na bliana seo,” arsa Aodán.

by AnRaibh

8 comments
  1. Massive credit and respect to Linda Ervine for the work that she has done. Genuinely amazing.

  2. Irish language groups speaking to loyalist paramilitaries, I await the outrage and condemnation

Leave a Reply