Crochfaidh mé seolta is rachaidh mé siar

Óró mo churaichín ó

‘S go hOíche Fhéil’ Eoin ní thiocfaidh mé aniar

Óró mo bháidín

**Curfá:**

**Óró mo churaichín ó**

**Óró mo bháidín**

**Óró mo churaichín ó**

**Óró mo bháidín**

Nach breá í mo bháidín ag snámh ar a’gcuan

Óró mo churaichín ó

‘S na céaslaí á dtarraingt go láidir ‘s go buan

Óró mo bháidín

**(Curfá)**

Nach lúfar í ag iomramh soir agus siar

Óró mo churaichín ó

‘S a sárú ní bhfaighidh tú ó Árainn go Cliar

Óró mo bháidín

**(Curfá 2x)**


1 comment
Leave a Reply