Beidh aonach amárach i gContae an Chláir.
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir.
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir.
Cé mhaith dom é, ní bheidh mé ann.

Curfá:

‘S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
‘S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
‘S a mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
‘S a mhuirnín ó ná héiligh é.

Níl tú a deich nó a haon déag fós.
Níl tú a deich nó a haon déag fós.
Níl tú a deich nó a haon déag fós.
Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór.

Curfá

Táim-se i ngrá le gréasaí bróg.
Táim-se i ngrá le gréasaí bróg.
Táim-se i ngrá le gréasaí bróg.
Mur’ bhfaigh mé é ní bheidh mé beo.

Curfá

B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg.
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg.
B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg.
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.

Curfá

Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé
Is a mhuirnín óg ná healaí é
Is a mháithrín an ligfidh tú chun aonaigh mé
Is a mhuirnín óg ná healaí é

Curfá

Beidh aonach amárach in gContae an Chláir
Beidh aonach amárach in gContae an Chláir
Beidh aonach amárach in gContae an Chláir
Cén mhaith domh é ní bheidh mé ann

Curfá

Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg
Is tá sí i ngrá leis an ghreasaí bróg

Curfá

‘S iomaí bean a phós go h-óg
‘S iomaí bean a phós go h-óg
‘S iomaí bean a phós go h-óg
Is a mhair go socair lena greasaí bróg

Curfá

Níl tú ach deich nó aon deag fós
Níl tú ach deich nó aon deag fós
Níl tú ach deich nó aon deag fós
Nuair a bheas tú trí deag beidh tú mór

Curfá

B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg
B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg
B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg
Ná fir na n’arm faoina lascú óir

Curfá


2 comments
Leave a Reply