
**Curfá:**
**’S é’n trua nach mise, nach mise**
**’S é’n trua nach mise bean Pháidín**
**’S é’n trua nach mise, nach mise**
**’S an bhean atá aige bheith caillte**
**Rachainn go Gallaí go Gallaí**
**Is rachainn go Gallaí le Pháidín**
**Rachainn go Gallaí go Gallaí**
**Is thiocfainn abhaile sa mbád leis**
**(Curfá)**
Rachainn go haonach an Chlocháin
Is siar go Béal Á’ na Báighe
Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog
A’ súil is go bhfeicfinn bean Pháidín
**(Curfá)**
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa ‘bean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa ‘s do chnámha
**(Curfá)**
Chaith mé mo bhróga, mo bhróga
Chaith mé mo bhróga i ndiaidh Pháidín
Chaith mé mo bhróga, mo bhróga
Chaith mé na boinn is na sála.